Ar an 16ú Iúil mar is iondúil bhí Aifreann ar Oiléain Mhic Dara i bParóiste Cárna, Iorras Aithneach. Léigh an tAth. Pádraig Standún an tAifreann. Thug MacDara O Loidéain léacht den scoth ar Naomh Mac Dara. Bhí an aimsear thar barr ar fad, buíochas le Dia agus bhí slua iontach mór ann. Bhain chuile dhuine árd-sásamh as an oilithreacht. Buíochas an-mhór do na bádóirí a thug slán abhaile muid ar fad!