Domhnach Cásga – 8ú Aibreáin, 2007
Alleluia!
“Tá an tuama folamh!
Tá Íosa éirithe ó mhairbh;
ní bheidh an cine daonna
mar an gcéanna arís
go brách.”
De bharr aiséirí Íosa Críost
ó mhairbh, cuirtear ar a chumas
do chuile dhuine againn aiséirí ón uaigh
agus a bheith páirteach leis i mbeatha glórmhar Dé.
Is ábhar mór misnigh agus dóchais dúinn go bhfuil an bua fáighte go brách ag Íosa ar an mbás agus ar an olc. Fiú má bhíonn an saol go dona, is féidir linn a bheith muiníneach as an Athair le bua, an Mac a d’fhulaing an phian agus an
Spiorad Naomh le neart.
Tá muid páirteach i mbeatha na Tríonóide Naofa ó lá ar baistíodh muid. Creideann muid nach féidir leis an peaca ná an bás an ceann is fearr a fháil orainn, fhad is a fhanann muid dílis do Íosa Críost. Nuair a dhéanann muid geallúintí ár mBaiste a athnuachain faoi Cháisc, tá muinín againn ár mbealaigh peacúla a shárú le cumhacht grásta Dé.
Tá muid fíor-bhuíoch díot, a Dhia na glóire, gur oscail tú geataí na bhFlaitheas dúinn trí bhás agus aiséirí do Mhic Íosa Críost.
Iarrann muid ort cabhrú linn comharthaí an dóchais a aitneachtáil ar an saol seo agus solas na bhFlaitheas a fheiceáil ar an saol atá le teacht.
Alleluia! Alleluia! Alleluia! Moladh go deo le Dia!
****************************
An Dara Domhnach den Cháisg – 15ú Aibreáin, 2007
“Mo Thiarna agus mo Dhia.”
Tar éis do Íosa bás a fháil,
bhí na hAspail chomh faiteach sin
gur fhan siad istigh
agus na doirse faoi ghlas acu.
Gan choinne leis, tháinig Íosa ina measc.
“Síocháin daoibh,” ar seisean agus
thaispeáin sé dóibh rian na gcréachtai
ina lámha agus ina chliathán.
D’athraigh an t-atmaisféar ar an bpoinnte.
Líonadh chuile dhuine a bhí i láthair le h-áthas agus le ríméad.
D’análaigh Íosa ar na h-Aspail agus dúirt :
“Glacaigí an Spiorad Naomh.”
Leis na focail sin, thug sé le fios dóibh gurbh í an obair a bhí le déanamh acu ná dul amach faoin domhan mhór le scéal an tslánaithe a insint agus maithiúnas agus suaimhneas intinne a chur ar fáil dóibh siúd a bhí á n-iarraidh.
Ní raibh Tomás i láthair nuair a tháinig Íosa chucu arís agus d’iarr sé ar Thomás a mhéar a chur isteach ina chliathán. Ní raibh Tomás amhrasach níos mó. D’fhreagair sé :
“Mo Thiarna agus mó Dhia.”
Ansin dúirt Íosa na focail a thugann misneach dúinne agus do Chríostaíthe i chuile aois :
“Dé bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú.
Is aoibhinn dóibh seo nach bhfaca agus a chreideann.”
A Íosa creideann muid, cé nach bhfeiceann muid.
Cuidigh linn muinín a bheith againn asat
nuair a bhíonn amhras orainn.