Maméan – Aoine an Chéasta
April 23, 2011 by Editor
Filed under An Ghaeilge, Pilgrim Places
Tháinig na sluaite go Máméan Aoine an Chéasta le haghaidh Turas na Croise. An tAth. Michéal Mac Gréil a d’eagraigh, An tAth. Fiontán O Monacháin a bhí i mbun Turas na Croise. Chas Joe John Mac an Iomaire Caoineadh na dtrí Muire. D’iompar Máire Aine as Ros a Mhíl an Crois in onóir na daoine atá dífhostaithe faoi láthair in Éireann. Bhí an tAth. Ciarán de Bláca, SP, An Cheathrú Rua i láthair freisin.






